Vótáil Linn – Eolas faoin bhfeachtas

Is feachtas fhíseáin ar-line é Vótáil Linn (#VoteWithUs), a chuidíonn le vótálaithe cúiseanna láidre, doshéanta ar leith a aimsiú agus a roinnt chun tacaíocht a thábhairt do chomhionannas pósta in Éireann.

Creideann muid go laidir gur trí físeáin atá dóchasach, ionraic agus pearsanta a roinnt atá an bealach is fearr nascadh le agus dul i bhfeidhm ar vótálaithe na hÉireann agus muid ag druidim i dtreo an reifreann ar comhionannas pósta ar Aoine an 22ú Bealtaine.

Vótáil Linn

Tá muid dóchasach freisin go mbeimid in inneamh cúis faoi leith vótáil ar son an athrú seo a thairscint trí gach aon físeán a chuireann muid os comhair an phobail, agus go spreagfar an lucht féachanna a bhfíseáin féin a cruthú ina nochtaíonn siad a gcúiseanna phearstanta vóta dearfach a chaitheamh.

Seans gurb é cúis is agatsa ná an ceann faoi leith a nascann le duine eile, agus a dhéanann an difir uile.

Conas páirt a ghlacadh

Tá cúpla céim éasca gur féidir leat a thógáil chun páirt a ghlacadh san fheachtas:

  • Féach ar cúpla físeán ón gcartlann, agus roinn iadsan a téann i bhfeidhm ort. Is féidir iad a roinnt trí facebook, Twitter, ríphost nó foram digiteach ar bith gur féidir leat teacht orthu. Bain úsáid as an haishchlib #VoteWithUs ionas gur féidir le daoine eile teacht ar an bhfeachtas.
  • Déan do fhíseán féin! ag roinnt teachtaireacht simplí amháin faoin difir a dhéanfadh vóta ‘Tá’ duit fhéin agus do do mhuintir ná bhunús an fheachtais seo.
  • Cuidigh le daoine físeán a dhéanamh trí ‘lá thaifeadadh’ a eagrú nó trí bronntanas a thábhairt ionas gur féidir linn é a dhéanamh. Is féidir daoine a bhailiú ó do láthair oibre, grúpaí sóisialta, clubanna nó campasaí, agus is féidir réimse meoin dearfacha a bhailiú ar chomhionannas pósta, agus iad a uaslódáil chuig YouTube in aon céim amháin. Seans go dtábharfadh sé léargás aonarach faoi leith ar grúpaí mar an gcéanna fud fad na tíre.

Moltaí ar do fhíseán féin a chruthú

Seo cúpla moladh ar conas do fhíseán féin a léiriú:

  • Bí dearfach, misniúil agus thar aon ní eile labhair go h-ionraic.
  • Dírigh ar aon teachtaireacht shimplí amháin – is thart ar 30-90 soicind an mórchuid de na físeáin sa chartlann. Déan cleachtú agus cinntigh go bhfuil an méid atá á rá agat dírithe go beacht ar do phoínte.
  • Cuimhnigh ar an chéad líne de #VoteWithUs: ‘Is mise … agus táim ag vótáil ar son comhionannas pósta. Tá súil agam go gcaithfidh tú do vóta liom.’
  • Déan cínnte go bhfuil tú soilsithe mar is ceart. Is fearr solas an lae, ach déan cínnte nach bhfuil scáth ar bith ort agus nach bfhuil solas láidir ag teacht ó do chúl.
  • Seachain fuaim thart ort. Tá tú ag iarraidh go dtuigfeadh daoine caidé atá le rá agat, mar sin déan cínnte nach bhfuil aon rud ag cur isteach ort.
  • Cur do dhóthain ama chun leathtaobh an scannánaíocht a dhéanamh. Seans nach bhfaighfídh tú an chéad take díreach i gceart – is fíor -ainnimh a tharlaíonn sé! Tábhair bloc ama réasúnta duit fhéin físeán gur féidir leat a bheith bródúil as a dhéanamh.
  • Is bealach maith cúnamh a fháil le na pointí seo ná do fhíseán a dhéanamh in éindí le duine eile. Cur ceist ar chara lámha cúnta a thábhairt, nó cur grúpa beag le chéile má tá sibh ag streachailt. Ar ndóigh, is féidir ceist a chur orainn i gcomhair chuidiú!

Ag uaslódáil do fhíseán

Is céim sciopfaidh agus éasca é do scannán críochnaithe a chur le YouTube. Ná dearmad leasa a bhaint as #VoteWithUs sa teideal, fiú i gcomhair físeán i nGaeilge. Cuidíonn sé seo le daoine teacht ar do fhíseán, agus cuireann sé go mór leis an bhfeachtas. Agus é shuas, seol an nasc YouTube dúinn mar aon le giota eolais fút, trí teagmháil a dhéanamh ar an suíomh seo. Beidh muid in inneamh do fhíseán a fhoilsiú trí do leathanach féin ar an suíomh a thábhairt duit, agus beidh tú in ann an focal a scaipeadh thar fud na cruinne!